03 March 2026
Is minic a fheicim mo ainm scríofa gan na síntí fada. Do chuid acu, b’fhéidir gur mionrud é, comhartha beag os cionn guta nach n-athraíonn mórán. Ach domsa, agus don Ghaeilge, tá an difríocht ríthábhachtach. Is é an difríocht idir mo ainm ceart agus focal strainséartha nach n-aithním.
I often see my name written without its fadas. To some, it might seem like a minor detail - a small mark over a vowel that doesn’t change much. But to me, and to the Irish language, the difference is vital. It is the gap between my actual name and a strange word I don’t recognize.
Agus Seachtain na Gaeilge díreach tosaithe, tá spiorad na teanga san aer. Is tráth é seo le "bain úsáid as do chúpla focal", ach is tráth é freisin chun urraim a thaispeáint don teanga trí ainmneacha a litriú i gceart. Má táimid chun an Ghaeilge a cheiliúradh, tosóimid leis na bunrudaí: na daoine atá á labhairt.
As Seachtain na Gaeilge gets underway, the spirit of the language is in the air. It’s a time to "use your few words," but it’s also a time to show respect for the language by spelling names correctly. If we are going to celebrate Irish, let’s start with the fundamentals: the people who speak it.
Ní hamháin gur “stíl” atá sa síneadh fada. Inár dteanga féin, athraíonn an fada fuaim an ghuta agus, go minic, brí an fhocail ar fad. Smaoinigh ar an difríocht idir seán agus sean, nó fata agus fáta. Gan an fada, tá an t-ainm Éimí cosúil le cláirseach gan sreanga—tá an cruth ann, ach níl an ceol ann.
The síneadh fada is not a stylistic choice or an optional extra. In Irish, the fada changes the sound of the vowel and, frequently, the entire meaning of the word. Consider the difference between seán (John) and sean (old). Without the fada, the name Éimí is like a harp without strings—the shape is there, but the music is gone.
Sa lá atá inniu ann, níl aon leithscéal ann i ndáiríre. Táimid ag suí ag méarchláir ar féidir leo emoji de gach cineál a chruthú laistigh de shoicind. Má tá am agat emoji a chur le do theachtaireacht, tá an t-am agat an fada a aimsiú. Is léiriú measa é i saol an idirlín an t-am sin a thógáil chun ainm duine a litriú i gceart.
In this modern age, there is truly no excuse. We sit at keyboards capable of generating every type of emoji in a split second. If you have the time to add a smiley face to your message, you have the time to find the fada. Taking those extra two seconds to spell someone’s name correctly is a fundamental mark of digital respect.
Windows: Brúigh an eochair AltGr (an eochair Alt ar dheis) agus an guta ag an am céanna. Hold the AltGr key (the right-hand Alt key) and the vowel simultaneously.
Mac: Brúigh Option + e, ansin an guta. Nó coinnigh an guta síos ar feadh soicind. Press Option + e, then the vowel. Alternatively, long-press the vowel key.
Fón Póca / Mobile: Coinnigh do mhéar ar an nguta agus roghnaigh an leagan leis an bhfada. Long-press the vowel and select the accented version from the pop-up menu.
Is cuid de m’fhéiniúlacht é mo ainm. Is nasc é leis an nGaeilge, lenár stair, agus leis an dóigh a bhfeicim an saol. Nuair a bhaintear an fada de mo ainm, braitheann sé go bhfuil an Ghaeilge á brú ar leataobh arís. Ní hionann "Eimi" agus mise.
My name is a part of my identity. It is a link to the Irish language, our history, and the way I see the world. When the fada is stripped from my name, it feels as though the language is being pushed aside once again. "Eimi" is not who I am.
Mar sin, an chéad uair eile a bheidh tú ag seoladh ríomhphoist nó ag scríobh tráchta, féach arís ar an ainm. Ní mionrud é an fada—is aitheantas é ar dhuine, ar chultúr, agus ar an gceart a bheith as gaeilge ar líne.
So, the next time you are sending an email or writing a comment, look again at the name. The fada isn't a small thing—it’s an acknowledgment of a person, a culture, and the right to exist in the Irish language online.
Post a Comment